Labhair an scríbhneoir taistil, Manchán Magan le Fachtna Ó Drisceoil ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcúis go bhfuil sé ag déanamh iarrachta taisteal aer a sheachaint feasta.

Is ar mhaithe leis an timpeallacht agus athrú aeráide a chinn Magan an cinneadh mór seo a thógáil, cé go mbeidh impleachtaí aige ar a chuid oibre, mar scríbhneoir taistil.

Le tríocha bliain anuas, tá féiniúlacht Mhagan ceangailte suas leis an taisteal agus formhór an domhain feicthe aige. 'Cheapainn nach gcríochnódh sé go deo', a deir sé, maidir lena nósanna taistil ach admhaíonn sé anois go bhfuil géarchéim ann don timpeallacht agus go bhfuil air agus orainn ar fad ár meon athrú i leith an taistil.

 Manchán Magan

Níl Magan ag éirí as a phost mar gheall ar an gcinneadh ach chun díriú ar laethanta saoire in Éirinn agus san Eoraip ar féidir dul chucu ar traein. Tá sé i gceist aige deich turas traenach a thógáil san Eoraip le tuairim a fháil ar cén chaoi deacair nó éasca atá sé na háiteanna seo a bhaint amach gan dochar a dhéanamh don timpeallacht.

Deir sé nár mhaith leis féachaint siar agus a aithint go raibh eolas aige ar an damáiste a bhí á dhéanamh aige don phlainéad agus gur choinnigh sé air lena chuid taistil.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5