Labhair Dáithí Ó Sé le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina seó nua, Dáithí's Rhyme with Reason.

Mhínigh láitheoir Rós Thrá Lí chomh maith le The Today Show ar RTÉ gur seó pobail, siamsúil é seo a chíorfaidh scéalta nuachta áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun limerick greannmhar a chumadh ag deireadh. 

Deir Ó Sé gur bheartaigh sé an seó seo a chur le chéile ag 2020 ag druidim leis agus go raibh sé ag iarraidh 'rud éigin difriúil' a dhéanamh'.

'Níor dheineas aon rud mar seo riamh'

Ag caint ar siamsaíocht a chur ar fáil, luann sé go bhfuil 'éalú' ag teastáil uainn ó scéalta nuachta agus go bhfuil sé i gceist aige craic a bhaint as an oíche é féin agus é ar thuras timpeall na Ríochta, in áiteanna ar nós Lios Tuathail, An Daingean agus Trá Lí.

Dáithí Ó Sé agus Maura Derrane

Deir Dáithí go mbeidh 'cleachtadh maith' aige ar an stáitse leithéidí Billy Keane, Elaine Kinsella, Mick Galway, agus Brenda Donohue a chuirfidh leis an gcraic agus an comhluadar.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00