Labhair Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcúis go bhfuiltear ag iarraidh go ndéanfaí Institiúid Náisiúnta d'Fhéile an Oireachtais.

Deir Ó Maolaodha go bhfuil Oireachtas na Gaeilge, ag iarraidh go ndéanfaí Institiúid Náisiúnta d'Fhéile an Oireachtais ionas gur féidir léi maoiniú neamhspleách a fháil le go mairfidh sí mar phríomhfhéile náisiúnta na nGael. Faoi láthair, tá Oireachtas na Gaeilge á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge ach deir sé nach n-oireann an struchtúr seo d'fhéile a bhfuil cruthaitheacht agus samhlaíocht ag baint léi.

Oireachtas na Gaeilge

Deir Liam go bhfuil an bealach a dhéantar maoiniú ar an bhféile ó Fhoras na Gaeilge 'teoranta' agus nach bhfuil ach €80,000 le caitheamh ar an bhféile bhliaintiúil, cé go gcosnaíonn an fhéile suas le €240,000.

Tá cáipéis curtha faoi bhráid An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, chun an struchtúr maoinithe a phlé ach mar gur cuireadh deireadh leis an rialtas, ní bhfuarthas deis an cháipéis a fhiosrú i gceart go dtí seo. 

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 8 agus 9 ón Luan go hAoine.