Labhair iarpheileadóir Chiarraí, Tomás Ó Sé le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina shaol i gcúrsaí spóirt agus lasmuigh dó

Is as Lios Tuathail ó dhúchas do Thomás ach bhog an teaghlach go dtí an áit mhór peile, Ard a' Bhóthair, i bParóiste Fionn Trá agus é ina leaid óg, nuair nach raibh an ach séipéal agus siopa go dtí gur oscail tigh tábhairne Pháidí Uí Shé in 1985.

Deir Ó Sé 'ní raibh faic eile ach caid', ag an am in Iarthar Chiarraí. Bhíodh 'raic' gach tráthnóna, idir é féin agus a chuid deartháireacha ag taobh an tí. Bhí tionchar mór ag Páidí Ó Sé agus na daoine a thiocfadh ar cuairt le dul ag traenáil leis sna hochtóidí. Bhí Tomás go mbíodh seisean agus a chuid deartháireacha geansaí Chiarraí a chaitheamh ariamh agus go raibh an t-ádh dearg orthu é sin a bhaint amach.

Tomás Ó Sé

Labhair Tomás ag caint faoi thábhacht an chlub leis An Ghaeltacht agus é ag imirt leo, le leithéidí Dhara Uí Chinnéide agus Dara Ó Sé agus deir sé nach ndéanfar dearmad go deo ar an aistear sin.

Dár ndóigh, labhair Tomás faoi thionchar Pháidí Uí Shé air, mar bhainisteoir agus é ag imirt le foireann Chiarraí. Deir sé gurb é Páidí 'a thug an t-ocras sin do na himreoirí' chun Craobh na hÉireann a bhuachaint.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 3 agus 5 Déardaoin agus Dé hAoine.