Beidh ceoltóirí ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin san iomaíocht sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh Dé hAoine 7 Feabhra, agus craolfar an ócáid beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cúig cheoltóir déag in iomlán a bheidh ar stáitse, as gach cearn den tír. Is í Eimhear Flannery as Corcaigh, 15, an duine is óige a chuirfidh chun stáitse, agus is é Michael Walsh as Sasana, 52, an té is sine a bheidh san iomaíocht i mbliana.Beidh iomaitheoirí ann freisin ó Chontae an Chláir, ó Mhaigh Eo, ó Luimneach, ó Chontae an Chabháin, as Laois, as Contae Lú, as Cill Mhantáin, as Ciarraí agus as Tír Eoghain. 

Is as Séipéal na Carraige i gCeantar Shliabh Luachra d'Eimhear, agus is é seo an tríú huair go mbeidh sí páirteach sa chraobh agus gan í ach 15 bliain d’aois go fóill. Bhí sí 11 nuair a ghlac sí páirt sa chraobh den chéad uair, ar an bhfeadóg stáin, agus ansin bhí sí páirteach arís sa bhliain 2018, ach ar an gconsairtín an uair sin. Ní raibh Eimhear ach 2 bhliain d’aois nuair a thosaigh sé ar an bhfeadóg stáin, agus tá iliomad duaiseanna buaite aici thar na blianta dá cuid ceoil.

Peadar Ó Riada, láithreoir

Beidh Michael Walsh ag taisteal anall ó Sheffield Shasana don chraobh.Seo an dara huair dó a bheith sa chraobh, bhí sé ann sa bhliain 2016.Tá sé ina bhall de Bhanna Céilí Leeds, agus d’eisigh sé albam aonair, Quarehawk, anuraidh. Tá Michael ina thaighdeoir dochtúireachta i Roinn an Cheoil in Ollscoil Sheffield. 

Is é Peadar Ó Riada a chuirfidh an chraobh i láthair beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh ó 7 pm – 10 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.Is faoi na ceoltóirí aitheanta Michael Tubridy, Mary Bergin agus Gary Hastings a bheidh sé an buaiteoir a roghnú, agus ní cruinneas amháin a bheidh á lorg acu, ach ceolmhaireacht, croí agus spiorad sa cheol freisin.Tabharfaidh an buaiteoir Bonn Óir Seán Ó Riada agus €2500 na bhaile leo. 

Mar chuid d’imeachtaí an deireadh seachtaine, freisin, beidh ceardlann do cheoltóirí maidin Dé Sathairn san óstán, agus beidh an Choirm Órdha le hiar-bhuaiteoirí an bhoinn an oíche sin.

Craolfar Bonn Óir Sheán Ó Riada ó Chorcaigh ar an 7 Feabhra óna 7.