Eagrán speisialta do Iris Aniar in ómós do Joe Steve Ó Neachtain a cailleadh le déanaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a ceiliúradh a gcuimhní ar an aisteoir, scríbhneoir agus fear pobail.

Labhair mac Joe Steve, Páid mar gheall ar an tacaíocht atá faighte ag an gclann ó cailleadh Joe Steve, idir réiteach an tí agus teachtaireachtaí chomhbhróin, deir sé gur mhaith leis an gclann a mbuíochas a ghabháil leis an bpobal. 

Deir Páid go raibh Joe Steve 'an-mhór le daoine, óg agus aosta, uasal agus íseal' agus dá réir, bhí an-chion ag daoine air. Athair a bhí 'thar cionn' chomh maith le hiad a choinneáil 'ag gáire', dúirt sé gur chinntigh sé go raibh siad 'ar a gcompord' i gcónaí.

Joe Steve Ó Neachtain

I measc na ndaoine a labhair ar Joe Steve, bhí Timín Joe Tim Ó Curraoin, Donnacha Ó hÉallaithe, Josie Óg Ó Cualáin, Seosamh Ó Cuaig, Máirtín Jamesie Ó Flaithbheartaigh, Kathleen Uí Chonghaile, Máire Ní Neachtain, Micheál Mac Con Iomaire, Neansaí Ní Choisdealbha, Maidhc P. Ó Conaola, Lochlainn Ó Tuairisg, Liam Ó Maolaodha agus Seosamh Ó Flatharta.

Chuaigh Joe Steve ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus dúradh gur 'leag sé cos i ngach Gaeltacht in iarthar na tíre' agus dúradh go ndearna sé 'an-obair ar son an phobail'.

Labhair an painéal faoi fhláithiúlacht an fhir, 'níor dhiúltaigh éinne riamh', agus é ag plé le daoine. 

Craoltar Iris Aniar 9:15 - 10:15 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta