Labhair láithreoir nua an chláir, Nationwide, Bláthnaid Ní Chofaigh le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin dúshlán nua.

Thosaigh Bláthnaid sa ról úr ag tús na bliana agus deir sí cé go bhfuil sí fíorghnóthach go bhfuil sí ag baint 'oiread suilt' as nach mbraitheann sí ach an fháilte chroíúil a chuirtear roimpi agus roimh an chláir.

Labhair Bláthnaid faoin taisteal mór a bhaineann leis an gclár agus faoi éagsúlacht ábhar an chláir, ó stair na n-aerfort go scéalta na ndaoine ó cheann ceann na tíre.

Bláthnaid ag an aerfort, ag obair ar Nationwide

Ag caint ar an athrú le filleadh ar an teilifís ón raidió, deir Bláthnaid gur choinnigh sí aici féin an cinneadh. Tá tréimhse trí bliana caite ag Bláthnaid ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Bhláthnaid Libh, rud a thaitin go mór léi agus deir sí go hionraic gur bhog sí ón teilifís mar nach raibh 'mórán ag tarlú in teilifís' ag an am. 

Cé gur dúshlán mór é clár Nationwide, deir NÍ Chofaigh go bhfuil sí ag baint suilt as an deis clár nua a láithriú i dteannta le hAnne Cassin.

Is duine mé, nuair a fhaighim taithí nua, faighim buzz iontach as.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ idir 3 agus 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin agus Dé hAoine.