Mar chuid de chlúdach olltoghcháin RTÉ Raidió na Gaeltachta, craolfar díospóireacht speisialta ar an gclár Nuacht a hAon Dé hAoine 24 Eanáir ó 1 pm go 2.30 pm, le polaiteoirí ó Ghaillimh Thiar agus daltaí meánscoile an cheantair.

Is é Cormac Ó hEadhra a chuirfidh an clár díospóireachta seo i láthair beo ó Stiúideo 1 i gCasla, agus beidh Seán Kyne, FG, Éamon Ó Cuív, FF, Mairéad Farrell, SF, Niall Ó Tuathail, Daonlathaigh Shóisialta, Catherine Connolly, neamhspleách, agus Maitiú de Hál, a bheidh ag déanamh ionadaíochta do Conor Burke, Neart le Chéile, sa stiúideo ina chuideachta agus iad ag freagairt ceisteanna ó scoláirí as Conamara ar na hábhair is tábhachtaí dóibh siúd don olltoghchán.

Beidh suas le tríocha dalta meánscoile páirteach, ó sé scoil áitiúil – Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal, Coláiste Cholmcille in Indreabhán, Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna, Gairmscoil na bPiarsach i Rosmuc agus Coláiste Naomh Feichín i gCorr na Móna.

Dúirt Cormac Ó hEadhra:

"Tabharfaidh an díospóireacht seo ardán do dhaoine óga i nGaeltacht na Gaillimhe na ceisteanna móra atá acu a chur go díreach ar a gcuid ionadaithe poiblí.Seo an daonlathas faoi lán-tseoil!Cuimhnigh go raibh daoine óga taobh thiar de go leor feachtas sa tír seo le blianta beaga anuas, an t-athrú aeráide ach go háirithe, agus ní beag an tionchar atá acu."

Bígí ag éisteacht le Nuacht a hAon, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé hAoine beag seo, óna 1 leis an díospóireacht a chloisteáil.