Labhair Pauline Scanlon le Muireann Nic Amhlaoibh ar a chlár, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na tionscnaimh cheoil a bhfuil sí ag obair leo chomh maith lena saol ceolmhar.

Cé gurb as Corca Dhuibhne do Phauline, tá cónaí uirthi idir Contae na Gaillimhe agus Contae Mhaigh Eo. Tá baint ag Pauline le neart grúpaí ceoil, cé gur amhránaí aonair í féin, deir sí go mbraitheann sí 'uaigneach' agus í léi féin. Is rud iontach é ag bheith mar bhall.. a bheith ag canadh cuid den am, agus ag éisteacht cuid eile'.

Tá Pauline ag plé le Bird On A Wire, amhráin de chuid Leonard Cohen le cúpla bliain anuas agus é ag dul 'ó neart go neart'.

Chas Pauline amhrán de chuid Eithne Uí Uallacháin, óna halbam deireanach, Bilingua chomh maith le hamhrán in éindí le Muireann féin ag deireadh an chláir. 

Faoi láthair, tá Pauline ag obair ar thionscnamh, darbh ainm 'Mise agus Tusa', atá ag déanamh iniúchadh ar an nasc idir mná agus amhráin, bunaithe ar a máthair, nach maireann.

Labhair Pauline go hionraic faoin dúshlán a bhaineann le bheith i d'amhránaí agus ina máthair, deir sí 'nílim ábalta an dá rud a dhéanamh lena chéile, tá sé ródheacair'.

Craoltar Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Shathairn idir 7 agus 9