Labhair Peadar Ó Riada le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina chlár, Cuireadh Chun Ceoil agus faoina shaol go dtí seo mar cheoltóir agus mar chumadóir.

Tá cónaí ar mhuintir Uí Riada i gCorcaigh le fada an lá ach rugadh i mBaile Átha Cliath é féin go dtí gur bhog a athair, an cumadóir clúiteach Seán Ó Riada iad ón Ardchathair go Ciarraí agus ansin go Corcaigh.

Tá Peadar Ó Riada ag ceiliúradh míle eagrán den chlár Cuireadh Chun Ceoil a chraoltar oíche Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Deir Peadar go n-aithníonn sé gur 'ciorcal mór amháin é an turas' agus go bhfuil 'gach éinne fite fuaite'.

Ag caint ar Chúil Aodha mar áit chónaithe agus neart an chultúir Ghaelaigh ann, deir sé mar nár tógadh bóthar ceart agus go bhfuil siad sna cnoic, níor tógadh tithe samhraidh ann,  mar a tógadh i gceantair Ghaeltachta eile agus dá réir, níl an oiread tionchar ag rudaí lasmuigh den phobal orthu agus tá an 'dúil' sa bhfilíocht, san amhránaíocht agus sa deisbhéalaíocht fós láidir ann.

Peadar Ó Riada agus Seán Ó Sé

Deir sé gur buaileadh breoite a athair agus é óg agus thug sé ordú dó 'téir siar agus seinn an rud sin' agus gur fhoghlaim sé agus ceithre seachtaine ina dhiaidh sin gur cailleadh a athair. Ag caint ar ualach an traidisiúin a bheith fágtha ar a ghualainne, deir sé go raibh 'bearna le líonadh' sa phobal, agus go ndearna sin an t-ualach níos éadroime dó. 

Dár le Peadar, tá 'trí fhuinneamh' i ngach duine againn; fuinneamh fisiciúil, fuinneamh cruthaitheach agus fuinneamh spioradálta. Tá dualgas orainn na fuinnimh seo ar fad a choinneáil cothrom agus go bhfuil sé éasca an iomarca ama a chaitheamh leis an bhfuinneamh fisiciúil agus go bhfuil an dá fhuinneamh eile fágtha ar leataobh.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5