Labhair Joe Kelly agus Peadar Ó Riada le Helen Ní Shé ar an Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina chéad seó ealaíne le dair phortaigh ag aois ochtó trí.

Deir Joe gur 'budding artist' é cé go bhfuil sé ina chuid ochtóidí ach le fírinne, tá sé ag saothrú le beagnach scór bliain anuas nuair a chruthaigh sé píosa dá bhean chéile, a fuair bás. 

Joe Hill agus a chuid ealaíne

Tá píosa nua ag Joe atá á thaispeáint mar chuid den seó atá ar siúl san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne a léiríonn duine de bhundhúchasaigh na hAstráile. Deir sé gur spreag na tinte uafásacha san Astráil é chun é a chruthú.

Is sa bhothán nó sa 'shed' a dhéanann Joe a chuid ealaíne, píosa amháin a léiríonn Donald Trump ag rince le Theresa May. 

Is í Nell Ní Chróinín a d'oscail an taispeántas ealaíne le Joe Kelly agus Catherine Cronin san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhúirne tráthnona inné. Deir Joe go bhfuil saothar Chatherine Cronin atá ag roinnt an taispeántais leis 'ar fheabhas ar fad'.

'a new lease of life' a thugann Joe ar a aistear ealaíne a seoladh aréir. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00