Labhair Áine Ní Bhreisleáin le Dónal O' Connor agus Jack Talty faoin gcamchuairt atá ar bun acu le Music Network ag tabhairt cheol na hÉireann agus ceol na Gailíse le chéile. Sheinn siad blaiseadh álainn dá bhfuil curtha le chéile acu don turas speisialta.

Áine Ní Bhreisleáin

Labhair Dónal agus Jack faoina gcuid oibre lasmuigh den ghrúpa nuabhunaithe seo, idir taifead agus grúpaí a bhfuil siad bainteach leo chomh maith le tionscnaimh teilifíse Dhónal, 'Sé Mo Laoch atá á thaispeáint ar TG4 gach Domhnach ag 9.30.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine óna 3 go dtí'na 5