Deirtear go mbíonn mí Eanáir ciúin ach beidh ócáid cheiliúrtha, cheolmhar ar siúl sa Sugar Club san Ardchathair Dé hAoine seo chugainn. Gach bliain, déanann Gradaim Nós ceol i nGaeilge a cheiliúradh trí ghadaim a bhronnadh orthu siúd atá á chumadh.

Beidh an craoltóir Sinéad Ní Uallacháin i láthair ar an oíche chomh maith le Marcus Mac Conghail a bheas sa seomra glas do RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Mar is dual don oíche le cúig bliana anuas, tá scoth an cheoil geallta ar an oíche chomh maith le craic agus comhluadar na nGael. 

Sinéad Ní Uallacháin le Bláthnaid Ní Chofaigh

Mura féidir leat a bheith i láthair ar an oíche, beidh deis agat éisteacht siar le buaiteoirí agus bannaí na hoíche Dé Sathairn, 25 Eanáir idir a deich agus meánoíche ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.