Labhair Cúán Greene le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina chuid oibre in Bastible san Ardchathair agus faoi nósanna bia na n-Éireannach faoi láthair. 

Tá cúpla bliain caite thar lear ag an gcócaire Cúán Greene ach é fillte abhaile anois agus é i mbun cócaireachta, mar phríomhchócaire i mbialann Bastible i mBleá Cliath.

Deir sé go bhfuil ana chuid do nósana na gcríocha Lochlanacha tugtha leis aige, agus deir sé go bhfuil ana spéis agus dúil aige daoine ina chuid bídh. Tá tréimhse caite ag Greene sa Danmhairg agus deir sé go bhfuil cosúlachtaí idir an tír seo agus an Danmhairg maidir lena bhfuil ar fáil. Téann an cócaire ag seilg (foraging) sa samhradh sna sléibhte, in aice na farraige agus sna foraoiseacha timpeall Bhaile Átha Cliath nó i gConamara agus ansin, tá an bia ar fáil le linn an gheimhridh.

Deir sé go bhfuil spéis mhór aige i mbia áitiúil agus mar sin, ní bheadh leithéidí mangoes in úsáid sa bhialann ach úlla nó piorraí. Ba mhaith leis caidreamh a chothú le muintir an bhia in Éirinn seachas a bheith ag tógáil isteach táirgí isteach sa tír. 

Ag caint ar bhiachlár na bialainne, deir sé go bhfuil béim aige ar éisc agus ar ghlasraí nach smaoineodh orthu agus iad ag obair sa chistin. 'Ní itheann muid a ndóthain éisc' a deir sé, faoi mhuintir na hÉireann.

Ag filleadh ar Éirinn, deir sé go raibh imní air go mbeadh an tír seo beagán dúnta maidir le bia ach bhí iontas air agus deir sé go bhfuil muintir na hÉireann 'an-oscailte' maidir le bia a deir sé. Luann Cúán go bhfuil áthas breise air filleadh ar Éirinn agus a chuid Gaeilge a úsáid nuair a aithníonn daoine go bhfuil Gaeilge aige. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 ón Luan go hAoine