Tá amhrán dátheangach nua-scríofa ag an gceoltóir agus amhránaí as Corca Dhuibhne, Méabh Ní Bheaglaoích, a chum Amhrán na nGael. I dteannta le Méabh ar an amhrán seo, Lon Dubh, tá Ríona Ní Mhadagáin, Teresa Horgan agus Matt Griffin. 

Labhair Méabh le Muireann Nic Amhlaoibh faoin amhrán speisialta seo ar a clár, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta um Nollag. Deir Ní Bheaglaoích gur saothar é seo bunaithe ar fhéinghrá agus foghlaim fút féin agus glacadh leat féin mar dhuine. 

Méabh Ní Bheaglaoích