Ar chlár cultúir agus ealaíne RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, fiosraítear Beethoven agus a oidhreacht ceoil chomh maith le léirmheas ar scannán mór na bliana, Little Women agus labhrann Aoife Scott faoina ceirnín nua.

Insíonn Aoife Scott dúinn faoi bheith ag comhoibriú le ceoltóir a bhfuil 12 Grammy aige - Ron Block - ar a ceirnín nua Homebird, ceirnín a rinne sí i Nashville agus atá le seoladh ar an 22ú Eanáir.

250 bliain ó saolaíodh Beethoven, insíonn Aonghus Ó Lochlainn dúinn faoin bhfear cantalach a chruthaigh cuid den cheol is áille riamh.

Le séasúr na scannán linn agus na hainmniúcháin do na hOscar le foilsiú inniu tá na scannáin Marriage Story agus Little Women á meas ag Cuan Ó Seireadáin.

Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 10:30 - 11:00 Dé Sathairn / Saturday agus arís 18:30 - 19:00 Dé Domhnaigh