Labhair muid le Peadar Ó Riada faoina chlár Cuireadh Chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a chraolfaidh a 1000ú clár Dé hAoine beag seo óna 7 go dtí'na 9.

Comhghairdeas ar an gceiliúradh, an bhfuil clár faoi leith a sheasann amach duit ó na cláracha ar fad? 

Bhí clár a dheineamar beo ó Shráid na Cathrach bliain amháin roimh duinn tosnú ag comhaireamh na gcláracha féin.  Bhíomar ag craoladh ó Scoil Náisiúnta bheag agus bhí a leithéidí John Kelly agus Junior Crehan, Olly Conway agus a leithéid ar an gclár agus chur sé ionadh orm a fheabhas is ar éirigh le John é féin a chur in iúl as Gaoluinn. Táid uilig marbh le fada anois.

Peadar Ó Riada Óg

An bhfuil tábhacht faoi leith duitse a bheith ag craoladh as Corcaigh seachas aon áit eile sa tír?

Samhlaím go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh RnaG ag craoladh ó gach taobh den dtír.  B'shin a bhí laistiar den nuacht áitiúil agus na  stiúideonna scaipthe ar fuaid na tíre ón dtosach agus an úsáid dá bhaint as na sean Mirantz recorders le cainirí chun go bhféadfaí taifead agus craoladh do dhéanamh ar dhaoine ó thaobh portaigh nó sleasaíobh cnoc, dá mba ann dos’ na daoine.  Tá 10% d’achar agus daonra na tíre i gCorcaigh agus pobal láidir Gaoluinne is ceoil ann leis.

An bhfuil port/amhrán faoi amhán a bhfilleann tú air i gcónaí?

Is baolach gur breá liom Peaití Thaidhg Pheig nó Darach Ó Catháin. Ach ag féachaint ar na h-uimhreacha..Farrell O Gara le ceoltóirí éagsúil 56 uair seinnte,  An t-amhrán Casam Araon na Géanna Romham 41 uair seinnte, An traic "An Lá Báistí/Banríon na Bealtaine/An Céad Lá den Samhradh" le Pádraig Mac Mathúna ón cd Blas na Meala 35 uair seinnte.  An ríl Scléip na hOiche Airéir 36 uair le daoine éagsúil agus an Cornel Frazier 29 babhta, Paddy Cronins 32,  Denis Murphy’s 31, Dan Cronin’s 31. Din Tarrants 41 uair agus mar sin de.

Craoltar Cuireadh Chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Aoine 7-9