Labhair láithreoir FleadhTV, Gradaim Cheoil agus Tradfest ar TG4, Doireann Ní Ghlacáin linn faoin mbliain atá imithe agus cad atá roimpi amach sa bhliain úr!

An bhféadfá cur síos a dhéanamh ar an mbliain 2019 i dtrí fhocal?

rathúil, sásta agus grámhar

Doireann lena comhláithreoirí, Hector agus Róisín

Mar bhean mhór cheoil, an bhféadfá port amháin a roghnú a théann go croí ionat?

Saileog Ní Cheannabháin ag ceol Bean A' Leanna. Tá diamhracht ag baint leis nach féidir a chir i bhfocail. Tá sé ar Spotify, éist leis!

Cad leis a bhfuil tú ag súil sa bhliain nua?

Mo thráchtas PhD ar fhilíocht bhéil a chríochnú, ar deireadh thiar thall! 

Beidh Doireann le feiceáil ar TG4 ar an 23 Feabhra nuair a chuirfidh sise agus Dónal O'Connor Gradaim Cheoil TG4 i láthair