Scríobhann Áine Ní Bhreisleáin, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina clár Slán le Gabhla, a chraolfar ar an 30 Nollaig, ag a 11 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

50 bliain ó shin bhí tuairim is dosaen duine fágtha ar Oileán Ghabhla, oileán suite míle i bhfarraige amach ó chladaigh Ghaoth Dobhair i nDún na nGall. Cosúil le oileáin bheaga eile thart uirthi, nuair a druideadh bunscoil Ghabhla i 1967, cuireadh dlús le imeacht na ndaoine go tír mór, áit a raibh eastát tionsclaíochta úr foscailte i nGaoth Dobhair, ag cur fostaíocht ar fáil.

Bhí fáil níos fusa ag an phobal ar ar tír mór ar  dhochtúir, siopa, oideachas agus sagart, nithe nach raibh i nGabhla. Bánaíodh Gabhla ag tús na 70í, agus fagadh go leor de na tithe ann folamh ar feadh na mblianta, cé gur fhill cuid de bhunadh an oileáin go séasúrach ar na seanfhóide .

Sa chlár Slán le Gabhla, chuaigh mé ag tochailt sa chartlann atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga, seod iontach  ina bhfuil glórtha na n-oileánach caomhnaithe le fada an lá. Theastaigh uaim blaiseadh a thabhairt do na héisteoirí ar na daoine a tógadh ar an oileán, a chuaigh i méadaíocht fá na tránna agus ar an scoil ann, a chuaigh ag cuartaíocht ag na comharsain agus a chaith séasúir ag iascaireacht sna farraigí thart ar chósta Dhún na nGall.

Scoil tréigthe ar oileán Ghabhla


I measc na míreanna a roghnaigh mé bhí comhrá le Nóra Bean Mhic Aoidh, an máistreas poist ar Ghabhla i 1968, nuair nach raibh ach dornán teaghlaigh go foil ina gcónaí, Éamonn Ó Duibhir, fear a bhí go mall sna 80í nuair a bhog sé amach go tír mór  ag inse fána óige, déanamh an phóitín agus na fáthanna, dar leisean gur bhog teaghlaigh ó Ghabhla. 

Tá draíocht agus diabhlaíocht ag baint le comhrá Frank Éamoinn Thaigh 'Ac Fhionnghaile , a taifeadadh i 1990, fán sport a bhí ag aos óg Ghabhla ag taisteal sna curraigh le freastal ar dhamhsaí i hallaí i nGaoth Dobhair, agus fosta fá na séasúir a chaith sé ag iascaireacht bradán, ag trácht ar cheann de na tragóidí a ba mheasa a bhuail Gabhla, nuair a báthadh ceathrar fear i 1931.  

Tá suil agam go dtabharfaidh an clár seo eolas do na héisteoirí fá shaol na n-oileánach, fán chuid de na cuiseanna ar fhág daoine, an chumhaidh a bhí orthu i ndiaidh a saol i nGabhla agus ag deireadh, in agallamh le Mary Mhic Giolla Bhríde i 2003, cluinfidh said faoin bheocht úr a bhí san oileán, le teacht an leictreachais agus an tuisce reatha. 

Craolfar Slán le Gabhla, ar a 11 a chlog ar an Luan an 30ú Nollaig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.