Dúirt Uachtarán Ollscoil na hÉireann Gaillimh Ciarán Ó hÓgartaigh in agallamh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gur mhaith leis dá mbeadh i bhfad níos mó cúrsaí ar fáil trí mheán na Gaeilge san Ollscoil.

In agallamh ar Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh go bhfuil súil ag an Ollscoil tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na hionaid atá acu san nGaeltacht.

Deir Ó hÓgartaigh cé go bhfuil dualgas againn i leith na teanga nach aon ualach í, ach go gcuireann sé le 'éagsúlacht agus saibhreas', dhá ghné atá tábhachtach don Ollscoil.

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Beidh straitéis nua ó thaobh na teanga in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ó  thaobh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge á chur faoi bhráid an phobail ag tús na bliana seo chugainn. Deir Uachtarán na hOllscoile go bhfuil an straitéis ceangailte le luachanna na hOllscoile; meas, oscailteacht agus inbhuanaitheacht ach go háirithe.

Dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh go dteastaíonn uaidh go mbeidh daoine ar fáil i ngach uile rannóg san ollscoil ionas go mbeidh daoine in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ann.

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 8 agus 9 ón Luan go hAoine