Cén áit is ansa leat?

Is breá liom a bheith sa mbaile in éindí le mo fhear Stiofán agus mo chuid gasúir ar lá breá ag siúl le cladach . Tá muid buaillte ar an bhfarraige sa Sruthán agus níl aon áit ar domhan níos deise ná é.

Cén béile is fearr a bhí agat ariamh?

Le bheith iomlán ionraic faoi, is breá liom chuile bhéile a réitíonn mo mháthair mar is breá liom dinnéir baile. Tá sí thar cionn ag bácáil agus ag cócaireacht agus is túisce a ghabhfainn aici ná ag bialann mór le rá.

Cén leabhar agus/nó scannán is fearr leat?

Is breá liom a bheith ag léamh, go háirithe dírbheathaisnéisí. Tá suim ollmhór agam sa gceol tíre agus thaithin an leabhar faoin amhránaí cáiliúil George Strait 'The Story of County's Living Legend’ liom a scríobh Mark Bego. Thaithin an scannán ‘Walk The Line’ go mór liom mar gheall ar an gceol agus an léargas a fuair muid ar shaol Johnny Cash. Bhí sé chomh spéisiúil.

Mura mbeifeá i do chraoltóir, céard a dhéanfá?

Ceapaim go mbeinn i mo bhanaltra. Is duine foighneach mé agus sin an post a bhí ar intinn agam go dtí bliain na hArd Teiste. Chuimhin mé a bheith i m’oibrí sóisialta freisin ach táim sásta le mo phost mar chraoltóir.

Baile Átha Cliath nó Gaillimh agus cén fáth?

Gaillimh. Má théim go cathair na Gaillimhe aon oíche den tseachtain, bainim an oiread sásamh as an atmaisféar álainn bríomhar ceolmhar atá le braith. I gConamara, is féidir dul amach sa gcurach agus suaimhneas álainn na farraige a shú isteach nó na sléibhte a shiúl le m’athair agus é ag faire ar bheithe agus gamhna. Tá’n t-ádh orm a bheith i nGaillimh.

Cén ceoltóir is mó a thaitníonn leat?

Duine ar bith a éistíonn le mo chlár An Bóthar go Nashville ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh freagra na ceiste seo acu. Tá mé chomh tógtha leis an gceol tíre ó bhí mé i chailín óg. D’fhás mé aníos ag éisteacht leis an sean stíl agus bhí an t-ádh orm gur tugadh ag na ceolchoirmeacha mé. Johnny Brady, is breá liom an stíl comhaimseartha ceoil atá aige agus chomh dílis is atá sé dá lucht leanúna.

Is breá liom an ceoltóir tíre John Hogan as Uibh Fhailí. Canaíonn sé go leor d’amhráin Hank Williams, George Jones agus Charley Pride. Dá mbeadh orm ceoltóir tíre Meiriceánach a roghnú, is dóigh go mb’é Alan Jackson a bheadh ag barr an liosta sin.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú óg?

Bhí an-chion agam ar mo mhamó Caitlín Hehir. Ba duine álainn lách grámhar a bhí inti a bhíodh ag altramú gasúir. Bhí croí mór aici agus thug sí aire na h-uibhe do chuile dhuine. Bhí a teach lán le ceol agus spraoi i gcónaí agus tá cuimhní álainne agam di.

Cén rud is fearr faoi do phost?

Is breá liom mo phost agus bainim sásamh as chuile lá. Más ag plé le cláir ceoil nó cainte é, bím ag súil go mór leis. Tá’n t-ádh orm go bhfuil mé ag láithriú clár ceoil tíre mar tá mo chroí go mór sa gceol. Bheinn an-uaigneach gan ceol i mo shaol. Tá comhghleacaithe deasa ag obair liom agus bíonn an-spraoi againn. Is rud is tábhachtaí agus is fearr ná go bhfuil mé sásta ag fágáil an tí ar maidin agus mé ag dul i mbun mo chuid oibre.

Cén rud is measa faoi do phost?

Bím ag obair mórán chuile dheireadh seachtaine.

Cén séasúr is fearr leat agus cén fáth?

Is breá liom an Samhradh mar nuair a bhíonn an aimsir go breá, bíonn daoine sona sásta (cé nach mbíonn aimsir iontach againn) Bíonn na gasúir saor ón scoil agus deis againn am a chaith le chéile agus freastail ar imeachtaí agus ócáidí a bhíonn ar bun. Tagann go leor gaolta liom abhaile as Meiriceá agus bíonn sé go h-álainn iad sin a fheiceáil. Bíonn mo fhear ag seoltóireacht cuid mhaith agus bíonn sé go deas dul ag na féilte áitiúla a bhíonn ar bun i gConamara agus é fhéin agus a chriú a fheiceáil ag seoladh. Bíonn go leor féilte ceoil tíre ar bun freisin agus is breá liom na réalta móra a fheiceáil ar stáitse.