Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag obair ar nodanna don Nollaig chun tacú leo siúd atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. 

Nárbh dheas litir i nGaeilge a chur chuig Daidí na Nollag agus níos fearr fós, litir a fháil ar ais i nGaeilge i do chanúint féin!

Tá an séasúr féin lán le hócáidí teaghlaigh, nuair a bhíonn daoine ag teacht le chéile ag ceiliúradh, ag breathnú ar scannáin na Nollag srl. Chuige sin, tá scannán speisialta ar siúl i nGaoth Dobhair ar an 7 Nollaig.

Is fiú go mór comharthaíocht shoiléir a chur ar fáil don bhfear mór agus é ag teacht chun tí! Tá na comharthaí seo ar fáil ó Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Is fiú go mór an haischlib #nodnaNollag a leanúint ar na meáin shóisialta go bhfeice muid cad atá ar fáil dóibh siúd atá ag lorg Nollaig bhreá Ghaelach!