Labhair an file, Mícheál Ó Ruairc le Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi fhilíocht na Gaeilge agus a chnuasach nua, Treaspásóir

Bhí neart le rá ag an bhfile Chiarraíoch, Mícheál Ó Ruairc faoi fheidhm agus fealsúnacht na filíochta agus é faoi agallamh ag Rosenstock ar chlár cultúir agus ealaíona RTÉ Raidió na Gaeltachta, An Cúinne Dána.

Léigh Mícheál cúpla dán óna chnuasach nua filíochta chomh maith lena chuid tuairimí faoi fhilíocht chomhaimseartha. Labhair Ó Ruairc faoina áit dhúchais agus an ceangail casta atá aige leis. Deir sé nach n-aithníonn sé 'an ghlúin nua' agus go gcuireann sin brón air. 

Luaigh Mícheál gur cheart go mbeadh filí i gcónaí ag forbairt agus mura bhfuil, go bhfuil an baol ann go mbeidh siad 'ina stad'. Dár le Ó Ruairc, tá 'ana-chuid filí maithe ag scríobh sa Ghaeilge ach tugtar tús áite d'fhilí áirithe nach bhfuil sé tuillte acu'.

Tristan Rosenstock

Labhair an file mar gheall ar an taobh mothálach den scríbhneoireacht atá forbartha aige sa chnuasach nua, Treaspásóir. Deir sé go gcaithfidh dán 'dul i bhfeidhm ar dhuine', chun dánta maithe a scríobh.

Chuir Mícheal béim ar fheidhm na filíochta sa saol, seachas an fhilíocht a bheith 'ornáideach' sa phobal. Deir sé freisin go bhfuil 'an iomarca tionchair ar an bhfilíocht ag an aos léinn. 

Craoltar An Cúinne Dána maidin Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 10.30