Chuireamar 10 gceist ar an gcraoltóir agus amhránaí, Sláine Ní Chathalláin atá ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ní chuirfeadh sé iontas ar mhórán ach go bhfuil a croí i gCorca Dhuibhne, mar a léirigh sí ina freagraí.

Cén áit is ansa leat?

 Aon áit go mbeadh radharc agam ar an dtriúr deirféar.

Cén béile is fearr a bhí agat ariamh?

An burgar 'dtig Uí Mhurchú ar an mBuailtín. Deacair buachtaint air!

Cén scannán is fearr leat?

Titanic. Riamh!

An fearr leat obair an láithreora aimsire nó obair an léitheoir nuachta?

An nuacht. Níos dúshlánaí agus is cuma cad iad na balcaisí a chaithimh!

Sláine Ní Chathalláin

Cén láithreoir teilifíse is mó a thaitníonn leat?

Tommy Tiernan mar seachas agallamh a chur ar aíonna, bíonn comhrá oscailte, nádúrtha aige leo.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú óg?

Gag. Johnny Nóiní Ó Cathalláin. Murach é, ní bheinn sáite in aon rud le dealramh.

Cén rud is fearr faoi do phost?

Mo chomhghleacaithe. Bím ag foghlaim uathu na haon lá. 

Cén rud is measa faoi do phost?

Fógraí báis a léamh nuair atá aithne agam ar an té atá caillte.

Cén chomhairle a chuirfeá ort féin 10 mbliana ó shin?

Ná bí ag triailt daoine a shásamh. 

Cén séasúr is fearr leat agus cén fáth?

An Fómhar. Bíonn dúthaigh Duibhneach deas ciúin.