Beidh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2019 ar siúl ó 27 Nollaig go 1 Eanáir, agus déanfar seoladh oifigiúil ar an scoil ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, Déardaoin 28 Samhain ag 3 pm.

Ar cheann de na grúpaí a bheidh ar stáitse i mbliana le linn na scoile, beidh FIDIL, an triúr fidléir Conallach Ciarán Ó Maonaigh, Aidan O'Donnell agus Damien McGeehan.  Bhí an-tóir ar cheol an ghrúpa seo, ach tá sé deich mbliana ó chuir siad amach albam nua.  Tá sé sin curtha ina cheart anois, agus beidh an t-albam nua leo, Decade, á sheoladh ar Bhladhaire mar chuid de sheoladh na scoile Déardaoin.

Fidil

Is é seo an séú bliain go mbeidh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar bun, ó tháinig sé in áit Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, agus bíonn ceoltóirí ó chian is ó chóngar ag tarraingt ar an iarthuaisceart don ócáid.  Beidh ceardlanna ó chuid de na ceoltóirí traidisiúnta is aitheanta sa tír mar chuid dó, ina measc Síle Denvir, Mick O’Brien, Mairéad Ní Mhaonaigh, Louise Mulcahy, Angelina Carberry, Dan Brouder, Diane Cannon, Tony O’Connell agus Zoë Conway.  Ina theannta sin, beidh coirmeacha ceoil le Julie Fowlis, Zoë Conway, John McIntyre & Éamon Doorley leis na haíonna speisialta Glórthaí Uladh; Bríd Harper, Tony O’Connell, Paul Meehan and Lisa Butler; agus Dervish, agus léacht faoi phíobairí uilleann ban freisin, le Louise Mulcahy.  

Tugaigí cluas don chlár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin 28 Samhain ag 3 pm, do cheol beo agus craic chun Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2019, agus an t-albam nua le FIDIL, a sheoladh go hoifigiúil.