Labhair painéal an Luain ar Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi phostaer nua de chuid an ghrúpa, Kneecap atá ag cothú conspóide.

Is iad Cliona Dukes, Gráinne Ní Ghilín, Fionnuala Croker agus Diarmuid Ó Cadhla a labhair ar an bpostaer atá anois i mbéal an phobail, ag déanamh poiblíochta ar thuras na Breataine a bhéas ag an ngrúpa. 

Labhair Gráinne atá lonnaithe i mBéal Feirste faoin ngrúpa arbh as an gcathair sin iad agus an nós atá acu a bheith ag spochadh as gach aon taobh den saol polaitiúil ó thuaidh. Deir Gráinne go bhfuil an grúpa 'breá sásta' leis an bpoiblíocht, deir siadsan gur 'ealaín' atá sa phostaer agus gur aoir é an postaer. 

Meabhraíonn Gráinne go bhfuil an grúpa 'ag iarraidh cur isteach ar achan duine', gur carachtéirí iad Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí a dhéanann iarracht 'daoine a mhúscailt'.

Dar le Clíona go gcuireann an grúpa leithéidí Rubberbandits i gcuimhne di agus fiosraíonn sí an bhfuil fadhb ag daoine leis an ngrúpa toisc gur as Béal Feirste iad. Ag caint ar an bpostaer agus ar an ngrúpa trí chéile, dúirt Fionnuala go gcuireann an t-ainm isteach uirthi níos mó ná an postaer féin, dar léi tá ainm an ghrúpa 'diúltach'. 

Ní fheiceann Diarmuid aon seicteachas sa phostaer agus ceistíonn sé cén fáth a mbeadh fadhb ag daoine le léiriú ealaíonta ar rud atá ag tarlú sa fíorshaol? 

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5.