Labhair Mícheál Ó Conghaile le Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina leabhar nua, Sa Teach Seo Anocht, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Scéal sách 'simplí' atá sa leabhar nuafhoilsithe seo, a deir an t-údar, scéal a thugann léargas don léitheoir do phósadh atá ag titim as a chéile, rud nach bhfuil as an gnách. Fiosraíonn an t-údar an meon atá ag an léitheoir maidir le pósadh agus grá a mhaireann an saol uilig, seachas roinnt blianta. Deir sé go bhfeiceann muid an scéal trí shúile an fhir agus an deacracht a bhaineann le deireadh a chur le caidreamh, ach go háirithe nuair atá gasúr i gceist. 

Pléann an leabhar leis an teach a fhágáil chomh maith leis an bpósadh a fhágáil mar go bhfuil a chroí agus a chuimhní sa teach. 

Dúirt Tristan go raibh an leabhar 'soiléite, taitneamhach agus gairid go maith' agus nár theastaigh uaidh an leagan síos. Ag caint ar fhoirmle an leabhair, deir sé gur maith leis foirme an novella, 'tá sé fada go leor gan a bheith rófhada'. 

Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Shathairn ag 10.30