Labhair Breandán Feirtéar, iarcheannaire RTE Raidió na Gaeltachta le Gormfhlaith Ní Thuairsg ar Adhmhaidin faoi Mhuiris Mac Conghail, Iar Cheannaire ar Raidió na Gaeltachta a cailleadh inniu.

Údar agus craoltóir a bhí in Mac Conghail, chomh maith le bheith ina rúnaí cúnta i Roinn an Taoisigh le linn a shaol oibre. Dúirt Feirtéar go raibh aithne ag na Gaeltachtaí ar fad ar Mhuiris mar go raibh baint aige leo ar bhealaí éagsúla, d'fhreastail sé ar an scoil sa Rinn, bhíodh a athair, an t-ealaíontóir, Maurice McGonigle go minic i gConamara agus teach saoire ag Muiris agus a bhean i nDún Chaoin, Chorca Dhuibhne. 

Tháinig Mac Conghail isteach go RTÉ ag aois an-óg agus d'éirigh leis go leor a bhaint amach sa tréimhse a raibh sé ag obair ann, mar eagarthóir ar an gclár, 7 days chomh maith le bheith ina cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Deir Feirtéar go raibh sé lán de dhúthracht, go raibh 'ana-bhá aige leis an nGaeltacht' agus go dtabharfadh sé 'ugach' agus tacaíocht don té a bheadh ag obair leis. 

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 8 agus 9 ón Luan go hAoine