Labhair Rachel Holstead agus Brenda Ní Shúilleabháin le Pádraig Ó Sé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Naomh Chaitlín

Tá iomann scríofa ag Brenda in ómós do naomh, patrún Pharóiste Fionn Trá agus ceol álainn curtha ag Rachel leis na focail. Deir Brenda gur naomh fíorthábhachtach í Naomh Caitlín mar gur patrún í a chosain daoine ó bhás tobann agus ó thinneas fiacail, gur patrún scoláireachta í agus patrún ban singil í,  i measc rudaí eile.

É sin ráite, níl Brenda róchinnte an raibh Caitlín ariamh ann mar nach bhfuil tuairisc uirthi go dtí an naoú haois, a deir sí. Tá an tuairim ann gur tháinig an Naomh seo ó Alexandria san Éigipt go dtí Corca Dhuibhne, áit a raibh meas ar fhealsúnacht agus ar an deisbhéalaíocht. 

San Eaglais chomhaimseartha, 'cuireadh ó mhaith' Naomh Caitlín ach deir Brenda gur athraíodh an cinneadh sin agus cuireadh ar ais í go stádas na Naomh arís mar go raibh oiread measa ag daoine uirthi.

Corca Dhuibhne

Luann Brenda gur fiú 'in am a ghátar' labhairt le Naomh Caitlín mar go ndeirtear go bhfuil sí ana-chabhrach. Nuair a bhí Brenda ar scoil, deir sí go mbíodh 'lá faoin dtor' acu agus ceiliúradh a dhéanamh ar an Naomh. Cosúil leis na Naoimh

tabharfaidh siad leo na rudaí atá tábhachtach

ana-iontaobh agam as an óige

ag lorg leighis

aon bhóthar a thabharfaidh 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00