Don chéad uair, tá sraith d'imeachtaí Gaeilge ag tarlú ag Other Voices sa Daingean ag an deireadh seachtaine, idir ceol, taispeántas ealaíne agus litríocht, tá sceideal lán le seoid ann.

Tá an fhéile cheoil ar siúl le seacht mbliana déag sa bhaile Gaeltachta i gCorca Dhuibhne agus is sa Daingean féin a bheidh na himeachtaí Gaeilge freisin. Tá ealaíontóirí, ceoltóirí agus muintir chruthaitheach na leithinise tagtha le chéile lena saothar a chur ar fáil dóibh siúd atá ar cuairt don bhféile iomráiteach.

Tá gach imeacht saor in aisce agus i nGaeilge, beidh fáilte roimh fhoghlaimeoirí na teanga. Seo lineup na n-imeachtaí, nár dheas freastal orthu ar fad!