Labhair Criostóir Mac Suibhne, cúl baire le Gaoth Dobhair i nDún na nGall mar gheall ar an bhfeachtas atá tosnaithe ag ag gCumann Lúthchleas Gael i gCúige Uladh aird a tharraingt ar shábailteacht ar bhóithre agus ar bhás a dhearthár féin, Hugh.

Dúirt se go raibh sé toilteanach a bheith páirteach sa bhfeachtas Live to Play mar gheall ar a thaithí le taismí bóthair, d'admhaigh sé go raibh sé 'deacair' labhairt ar a dheartháir sa bhfíseán, go bhfuair sé 'láidreacht' ó áit éigin agus go bhfuil sé sásta go ndearna sé é, mar sin féin. 

D'inis sé an scéal faoin oíche ar tharla an timpiste, go raibh fhios aige go raibh sé 'iontach olc' nuair a shroich sé an carr ag rá 'ní dhéanfaidh mé dearmad dó go deo'. Peileadóir ab ea Hugh chomh maith nach raibh ach ocht mbliana déag d'aois nuair a cailleadh é.

Gaoth Dobhair

Deir Criostóir go bhfuil daoine anois cleachtaithe le criosanna a chaitheamh agus iad sa charr ach go bhfuil fadhb ann go fóill maidir le luas agus daoine ag tiomáint faoi thionchar an óil agus drugaí. 

Tá Criostóir ag imirt do Chumann Peile Ghaoth Dobhair agus tá sé den tuairim go bhfuil Hugh leis go fóill, 'ag gáire anuas' agus ag tabhairt uchtach dóibh agus iad ag imirt. 

'bím ag smaoitiú air go minic'

Craoltar Barrscéalta ón Luan go hAoine idir 11:02 - 12:00 Luan-Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.