Is í an craoltóir agus láithreoir teilifíse, Sinéad Ní Uallacháin a d'fhreagair 10 gceist inniu. I measc a freagraí tá a spéis sna healaíona, an choimhlint idir an chathair agus a háit dhúchais agus tábhacht a cairde.

Cén áit is ansa leat?

Mo leaba!

Cén béile is fearr a bhí agat ariamh?

Bhíos i Monart i Loch Garman cúpla bliain ó shin agus cuimhním fós ar an mbéile a bhí agam ann, 10/10.

Cén scannán is fearr leat?

Athraíonn sé minic – is cuimhin liom bheith ana thógtha le Face Off ar feadh tamaill agus mé sa bhunscoil... ach n'fheadar an amhlaidh a bheadh dá gcífinn anois é.

Thaitin Silver Linings Playbook go mór liom.

Mura mbeifeá i do chraoltóir, céard a dhéanfá?

Bhí spéis agam riamh san aisteoireacht, b’fhéidir go mbeinn tar éis díriú ar sin.

Baile Átha Cliath nó Baile An Fhéirtéaraigh agus cén fáth?

Faoi láthair Baile Átha Cliath, is breá liom beocht na cathrach agus an réimse imeachtaí gur féidir freastal orthu; ach tá áit faoi leith i mo chroí do Bhaile an Fheirtéaraigh agus beidh i gcónaí. Tá an t-ádh liom ceangal láidir a bheith agam leis an dá áit, agus cairde maithe sa chathair agus faoin dtuath.

Sinéad Ní Uallacháin

Cén ealaíontóir is mó a thaitníonn leat?

Bheadh Robert Ballagh cóngarach go maith do bharr an liosta!

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú óg?

Beirt – mo thuismitheoirí.

Cén rud is fearr faoi do phost?

Deis aithne a chur ar dhaoine breátha.

Cén rud is measa faoi do phost?

An frustrachas a thagann orm nuair nach n-éiríonn liom rudaí áirithe a bhaint amach – agus na bacanna sin, a chuireann stop liom.

Cén séasúr is fearr leat agus cén fáth?

An samhradh: Na tráthnóintí fada, beilte deasa éadroma, gleo an raidió ó chluichí CLG, cuairteoirí, féilte, gúnaí, Pinot Grigio, boladh uachtar gréine, srl, srl..