Labhair neart Gael le hÁine Ní Chuirreáin ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar a bhá a bhí aige do Dhún na nGall agus teach aige ar an gClochán Liath.

Roinn leithéidí Pat Nóra Ó Gallachóir, T.D. Pat the Cope Ó Gallachóir, Daniel O Donnell, Máire Brennan, Brian Danny Minnie. Eoin Mac Gairbheith, Mairéad Ní Mhaoinigh agus Deirdre Ní Chnamhsaí a gcuimhní cinn faoin gcraoltóir a raibh ceangail speisialta aige le Dún na nGall.

Moya Doherty, Cathaoirleach Bhord, RTÉ.

Léirigh a chairde Conallacha, dúirt sé go raibh 'a chroí istigh i gContae Dhún na nGall' agus am caite aige go minic ar an gClochán Liath ag féile Máire an Chlochán Liath. Thug Gay Byrne poiblíocht do chontae Dhún na nGall nuair nach raibh go leor daoine ag déanamh poiblíochta don chontae.

Labhair Daniel O' Donnell atá i Meiriceá faoi láthair le hÁine ar an bhfón agus deir sé gur chuir sé aithne ar an gcraoltar don chéad uair daichead bliain ó shin agus é ag obair ag soláthrú earraí. Deir Daniel ó shin a leith gur chabhraigh Gay lena ghairm mar amhránaí agus gur thug sé go leor deiseanna ar an Late Late Show. Deir O' Donnell go raibh croí achan duine briste sa cheantar mar gheall ar an gceangail láidir a bhí ag Gaybo le Dún na nGall.

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11:02 - 12:00 Luan-Aoine