Labhair an craoltóir, an léiritheoir agus an ceoltóir, Philip King le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina shaol agus faoina shaothar go dtí seo.

Corcaíoch is ea Philip King a fuair a chuid oideachais trí Ghaeilge agus a chuaigh chun na hOllscoile i dteannta Nuala Ní Dhomhnaill agus Seán Ó Tuama agus a bhí i gcomhluadar Sheán Uí Riada agus Sheán Ó Ríordáin, daoine a chuaigh i bhfeidhm go mór air. 

Luann King na línte deireanacha ó dhán cáillíúil an Ríordánaigh, Fill Arís agus é ag caint ar an gcúis gur bhog sé go Corca Dhuibhne.

Téir faobhar na faille siar tráthnóna gréine go Corca Dhuibhne,

Is chífir thiar ag bun na spéire ag ráthaíocht ann

An Uimhir Dhé, is an Modh Foshuiteach,

Is an tuiseal gairmeach ar bhéalaibh daoine:     

Sin é do dhoras, Dún Chaoin fé sholas an tráthnóna,     

Buail is osclófar 

D'intinn féin is do chló ceart.

Deir sé go bhfuil áilleacht, muintir na háite, ceol agus cultúr na háite 'ana-luachmhar' ach deir sé gur cúis buairt é do dhaoine atá ag cur futhú san áit dhraíochta Ghaeltachta go bhfuil na tréithe tábhachtacha ag imeacht de réir a chéile.

Cuireann Philip King The South Wind Blows i láthair ó Bhaile na nGall i gCiarraí Thiar gach deireadh seachtaine agus deir sé gur cuimhin leis nuair a cheannaigh a athair raidió don chéad uair agus go raibh 'an saol ar fad le cloisint' agus go bhfuil sé ar oilithreacht ó shin ina ghairm beatha.

Ba é Philip King a chur tús leis an bhféile iomráiteach Other Voices sa Daingean atá ag dul ó neart go neart ar feadh nach mór ocht mbliana déag ó shin. Deir sé go bhfuil sé i gceist aige 'doras a oscailt' leis an bhféile cheoil seo a thugann na mílte chuig an Daingean i lár mhí na Nollag.

Duine faoi leith is ea Philip le fuinneamh iontach, mar a deir Áine. 

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin, Dé hAoine idir 3-5.