Is í an craoltóir ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Helen Ní Shé a fhreagraíonn 10 gceist inniu, idir cur síos fileata ar am agus áiteanna agus cuimhní cinn, cuirfidh sí tú ag machnamh.

Cén áit is ansa leat?

Clais na Luaithe mar a mbainim cuileann na Nollag na h-aon bhliain.

Cén béile is fearr a bhí agat ariamh?

Bhíos féin agus Danny Mac a'tSíthigh agus ár scippéir Paul Fenton taréis oileán na Tiarachta a fhágaint. Chuir sé an bád ar ancaire amach ó Inis Mhic Aoibhleáin. Bheirigh Paul citeal tae láidir, bhí bullóig bhuilín agus liabhás agamsa, uibhe beirithe aige Danny. D’itheamair ár gcuid agus bhí sé go milis. Lá dár saol.

Danny Mac a'tSíthigh agus a chomhbhádóirí

Cén leabhar agus/nó scannán is fearr leat? 

Táim tosnaithe ag léamh ana leabhar na laethanta seo. Cuckoo le Nick Davies,agus chuirfeadh an mheabhair atá ag a gcuach scanradh ort. 

Mura mbeifeá i do chraoltóir, céard a dhéanfá?

Bhreá liom bheith im shiúinéir.

Baile Átha Cliath nó Baile An Fhéirtéaraigh agus cén fáth?

Is breá liom an dá áit. Níl aon teora le neamhspleáchas, fothrom, agus fuinneamh na cathrach, ach nuair a shiúlaím trí na páirceanna cnoic, na bóithríntí, agus na liosanna atá inár dtalamh féin tá buanaíocht na seacht sínsir agam san áit.

Cén clár raidió is mó a thaitníonn leat?

Aon chlár go mbeadh Cormac Ó hEadhra á chur i láthair!

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú óg?

Mo mháthair.

Cén rud is fearr faoi do phost?

Cead bheith agam cnagadh ar dhóirse agus bualadh isteach dtí daoine breátha, suí síos is bheith ag éisteacht leo. Ní féidir buachtaint air sin.

Cén rud is measa faoi do phost?

Níl aon locht fén spéir air.

Cén séasúr is fearr leat agus cén fáth?

Is breá liom deireadh an Gheimhridh agus tús an Earraigh. Mí Eanair agus Feabhra, nuair a chím síneadh beag á dhéanamh ag an dtráthnona. Súil chun cínn le dóchas arís go bhfuilimíd ag scarúint leis an ndoircheacht.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00