Ba í an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Chorca Dhuibhne, Sláine Ní Chathalláin a thug léi an duais do mhná faoi 35 Duais Sheán Óg Uí Thuama agus labhair sí le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag an Oireachtas

Deir Ní Chathalláin go raibh sí ana-bhródúil toisc nach raibh an duais sin ag mórán as Ciarraí le fada an lá, 'an rud is tábhachtaí na go bhfuil an duais ag dul siar go Ciarraí'.

Comhghleacaí de chuid Shláine, Áine Uí Laoithe, a mhúin an t-amhrán, Amhrán na Leabhar, a cheol sí sa chomórtas a bhain sí. Dúshlán faoi leith ab ea an t-amhrán sin do Shláine mar gur thug sí faoi blianta fada ó shin agus í ina déagóir ach chuaigh sí amú leis na focail agus b'éigean di éirigh as an amhrán. An uair seo, d'éirigh thar cionn léi agus thug sí léi sméar mullaigh na nduaiseanna dóibh siúd atá faoi 35. 

Chas Sláine 'An Staicín Eorna' ar an gclár, an dara hamhrán a chas sí sa chomórtas

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.