Cuireadh clabhsúr le hOireachtas na Samhna le príomhchomórtas na féile, amhránaíocht ar an sean nós, Corn Uí Riada.

Is í Máire Ní Choilm ó Thír Chonaill a thug léi an chéad áit sa chomórtas ar an oíche agus an lá dár gcion chuaigh sí chomh fada le ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta lena bua a cheiliúradh.

 

Máirtín Tom Sheáinín, láithreoir an chomórtais

Is féidir leat éisteacht agus féachaint siar ar imeachtaí uile an Oireachtais faoin haischlib #Onas19