Scríobhann Muireann Nic Amhlaoibh, láithreoir Malairt Poirt le Muireann faoina bhfuil ar chlár na seachtaine seo, Dé Sathairn seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh mé ag caint le Dara Ó hIarlaithe fé Fhéile Cheoil na nDaoine a bheidh ar siúl sa Daingean ar deireadh seachtaine 27ú agus 28ú Deireadh Fomhair.

Beidh seisiúin speisialta agus coirmeacha ar siúl ins na tithe tabhairne don Fhéíle maraon le oíche mhór cheoil in Óstán an Hillgrove in mbeidh Mary Black agus Altan agus mórán eile ag seimint. Beidh péire ticéad le buachtaint chomh maith don bhféile, mar sin bígí ag éisteacht dóibh sin.

Chomh maith le sin beidh cúpla rian á sheimint agam ó albam nua an ghrúpa iontach Rant – ceathrar veidhleadóir ban ón Alban, tá cumhacht agus cruthathacht sa bhfuaim a chruthaíonn siad. Seo iad ag féile Celtic Connections anuraidh, nach álainn an ceol a bhíonn acu le chéile.

Beidh neart agam ó thíortha i bhad i gcéin chomh maith, An Tuirc, Fasach an Sahára, An tSualainn agus a grúpa aoibhinn seo ón Fhrainc, Le Sours Boulay – táím titithe i ngrá leis an amhrán gleoite seo.

É sin agus morán eile, bí liom oíche Shathairn óna 7-9pm ar RTÉ Raidio na Gaeltachta ar Malairt Poirt le Muireann.