Labhair muid le láithreoir Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina spéis sa chócaireacht, a chraoltóireacht agus An Cheathrú Rua!

Cén áit is ansa leat?

Ar thrá, ar leithinis na Ceathrún Rua, ag breathnú amach ar Árainn, Co an Chláir agus Ros a Mhíl.

Cén béile is fearr a bhí agat?

Muiríní, fataí róstaí agus spionáiste fiochta - simplí, sciopthaí, sláintiúil agus milis!

Cén leabhar agus/nó scannán is fearr leat?

Leabhar iontach is ea 'Full Catastrophe Living' le Jon Kabat-Zinn. 

Mura mbeifeá i do chraoltóir, céard a dhéanfá?

Bhain mé bunchéim amach in airgeadas agus cháiligh mé mar abhcóide. Ach ó thaobh oibre de, níl mé cinnte, b'fhéidir cócaire (féach freagra 2)

Cormac Ó hEadhra

'Bhfuil tú níos compórdaí i mBéarla nó i nGaeilge ar an aer?

Ní dhéanann sé pioc difríochta dom ó thaobh teangan de.  Ach tá níos mó aithne agam ar níos mó de phobal na Gaeilge agus tá caidreamh níos réchúisí agam leo dá bharr sin, sílim.

Ar mhaith leat ról Vincent Brown a thógaint ar an scáileán?!

Níl mo ghruaig sách catach agus níl mé sách cantalach.  Ok, níl mo ghruaig sách catach.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú óg?

Seachas mo thuismitheoirí, agus deá-mhúinteoirí....Leslie Nielsen.

Cén rud is fearr faoi do phost?

Na daoine.

Cén rud is measa faoi do phost?

Na daoine :) 

Cén séasúr is fearr leat agus cén fáth?

Earrach nó Samhradh - fás, athfhás agus solas gréine.

Craoltar Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ar a haon a chlog.