Labhrann Timmy Creed le Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina dhráma nua Spliced, a dhíríonn ar chúrsaí meabhairshláinte i saol an Chumainn Lúthchleas Gael. Tá an dráma ar camchuairt náisiúnta, agus labhrann Timmy faoin mbrú a bhíonn ar imreoirí fearúlacht a léiriú ina shaothar tábhachtach.

Iománaí ab ea Timmy ar feadh 20 bliain ó aois an-óg go dtí le déanaí le club áitiúil, Baile an Easpaig i gContae Chorcaí. Deir sé gurb é an Cumann Lúthchleas Gael bun agus barr a shaoil, mar a bhíonn ag go leor fear óga.

Baineann an CLG go mór le cúrsaí féiniúlachta agus fearúlachta agus deir sé go líon an ról seo mar imreoir 'a bheith feicthe sa phobal'. Deir sé go bhfuil brú ar imreoirí a bheith 'láidir agus a meabhair sórt díreach agus fisiciúil'.

Spliced

Nuair a thosaigh Timmy ag plé le cúrsaí ealaíne, deir sé go raibh streachailt idir indibhidiúil, ag plé leis an ealaíon agus an collective a bhaineann le bheith ar fhoireann. Nuair a d'éirigh sé as an spórt, luann Timmy go raibh sé beagán caillte ann féin.

Dar le Timmy, tá an dráma seo, Spliced 'ag iarraidh an comhrá a oscailt faoin indibhidiúil' mar rud a chuirfeadh le saol na hÉireann. Ba mhaith le Timmy go bhfiosródh imreoirí óga a meon féin maidir le cúrsaí spóirt agus níos tábhachtaí fós, maidir leo féin mar dhaoine.

Tá an dráma Spliced ar camchuairt timpeall na tíre, ní hamháin in amharclanna ach in halla spóirt freisin- féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Shathairn ag 10.30