Labhair Evanne Ní Chuilinn le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina saol, a gairm agus a spéis i gcúrsaí spóirt.

Is as Cill Chainnigh d'Evanne ó dhúchas agus labhair sí faoina bealach go hiriseoir spóirt in RTÉ ó Ghaelscolaíocht go DCU agus ar aghaidh go Gaillimh, áit a ndearna sí cúrsa iarchéime san iriseoireacht. Chuaigh sí sa tseans agus chuaigh sí i dteagmháil le RTÉ sula raibh na Cluichí Oilimpeacha le bheith ar siúl le linn shamhradh 2004.

D'oibrigh Ní Chuilinn le TG4 agus í ag plé leis an gclár iomráiteach, Underdogs ach nuair a thosaigh sí mar thaighdeoir in RTÉ ach bhog sí ar aghaidh go dtí ról eagarthóireachta agus tá sí go fóill ag forbairt agus ag fás in ról reatha.

Tá beirt pháistí ag Evanne agus a fear agus deir sí go bhfuil spéis acu beirt sa spórt, cé go bhfuil siad an-óg.

Taobh amuigh de chúrsaí spóirt, tá scéal speisialta ag Ní Chuilinn féin mar gheall ar a tógáil agus beidh clár faisnéise ar TG4 go luath mar gheall ar a scéal féin mar pháiste a uchtaíodh. Deir sí go gcuireann an clár 'spotsholas' ar an bpróiséas uchtaithe in Éirinn agus go raibh cuid den chlár 'an-deacair' ach go bhfuil 'dóchas' ann freisin. 

Craolfar an clár faisnéise ar an 13 Samhain ar TG4. 

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.