Labhair Mairéad Ní Mhaonaigh le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi choirmcheol de chuid Altan a bheidh ar siúl sa Daingean ag deireadh na míosa chomh maith lena hoidhreacht agus rútaí ceoil.

Deir Mairéad gurb é Meiriceá príomhmhargadh d'Altan agus go leor banna ceoil traidisiúnta eile. Meascán daoine a thagann ag na coirmcheol, idir Éireannaigh agus daoine nach mbaineann le hÉirinn in aon chor ach go bhfuil spéis acu sa cheol domhanda.

Altan

Déanann Altan turais mhóra fhada agus ní fada go mbeidh Mairéad agus Altan ag imeacht ar feadh dhá mhí, deir Mairéad go bhfuil sin 'deacair' ach go bhfuil an t-ádh léi go bhfuil a hiníon, Nia ag teacht léi an uair sin agus go mbeidh a fidil léi.

Nuair a bhí Mairéad ag fás aníos, deir sí nach raibh an oiread sin daoine óga ag seinim nó ag amhránaíocht ach go raibh na 'foinsí' ann, 'sé sin go raibh seandaoine ann a raibh na hamhráin acu ach gur a mhalairt atá fíor anois, go bhfuil daoine óga i mbun ceoil ach go bhfuil na daoine a raibh an ceol sin acu á gcailleadh go laethúil.

Chuir Ní Mhaonaigh béim ar thábhacht na dtaifead atá déanta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta atá anois mar chartlann dóibh siúd atá ag dul i mbun ceoil. Amhráin áitiúla ó Thír Chonaill a roghnaigh Mairéad ón tús agus is iad sin na hamhráin a chuaigh agus a théann i bhfeidhm ar lucht éisteachta idirnáisiúnta, mar a tharlaíonn.

Ag caint ar thábhacht an dúchais, deir sí gur 'choinnigh muid fíreannach dúinn féin agus dár gcultúr féin' agus creideann sí gur sheas sin leo mar ghrúpa ceoil. 

'más mó agus más fírinní atá tusa do do chuid rútaí is ea is mó go bhfuil dúil ag daoine i do chuid ceoil'

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00