Bhí Muireann Nic Amhlaoibh sa chathaoir le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag labhairt faoina saol go nuige seo, idir ceol, comhluadar, cultúr na n-oileán agus a clár raidió, Malairt Poirt le Muireann.

Tá Muireann anois ag cur fúithí i gCorca Dhuibhne ach sula raibh sí ó dheas i gCiarraí, chaith sí seal in Inis Oírr agus ar Oileán Chléire agus labhair sí faoin saoirse a bhain lena leithéid d'óige. Labhair sí faoi Chorca Dhuibhne agus scoil Dhún Chaoin a bhfuil cáil uirthi mar ionad oideachais a cheilúrann ceol, dúchas agus ealaíon agus a d'fhág 'rian' ar Mhuireann agus ar dhaoine eile a d'fhreastal uirthi. Deir Muireann go bhfuil a hiníonacha féin ag freastal ar an scoil sin i láthair na huaire agus go bhfuil an 'meon álainn' sin fós sa scoil.

Ag caint ar Chorca Dhuibhne mar áit chónaithe, deir sí go bhfuil an pobal teanga agus ceoil 'oscailte' agus go gciallaíonn sin go bhfuil tarraingt ann do cheoltóirí agus daoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí cultúrtha agus ealaíon, araon.

Chas Muireann a bhfuil cáil uirthi mar cheoltóir agus amhránaí, amhrán Chonallach a bhfuil 'béaloideas agus draíocht' ann An Mhaighdean Mhara go speisialta d'Áine.

Áine Ní Bhreisleáin, láithreoir Bhladhaire

Veidhleadóir is ea athair Mhuireann agus deir sí go raibh tionchar ag a chuid ceoil uirthi ach ní go dtí gur bhog an teaghlach go Corca Dhuibhne go raibh siad 'tumtha' sa traidisiún áitiúil. 

Áit faoi leith is ea Gaeltacht Chorca Dhuibhne, deir Muireann gur 'beag duine timpeall na háite seo nach bhfuil amhrán nó port acu'. 

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5