Labhair Mícheál Ó Leidhin le daltaí Choláiste Lú a bhi taobh amuigh de gheataí Dháil Éireann inné mar gheall ar an rocht ina bhfuil siad gan oideachas trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil dóibh mar a gealladh dóibh.

Deir Ó Leidhin go raibh idir dhaltaí na scoile féin chomh maith le baill de Chonradh na Gaeilge agus daltaí ó Ghaelcholáistí a thaisteal chun na Dála lena dtacaíocht a léiriú don scoil atá i mbéal an phobail le déanaí. Maíonn daltaí na scoile nach bhfuil oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil dóibh agus go bhfuil ábhair a bhíodh á dteagasc trí Ghaeilge anois á dteagasc trí Bhéarla ó thús na scoilbhliana.

Mícheál Ó Leidhin

Tá daltaí, iardhaltaí agus lucht Ghaeloideachais 'ag iarraidh ar an Roinn oideachais teacht i gcabhair ar dhaltaí Choláiste Lú' anois mar go raibh siad ar sráideanna Dhún Dealgan ach nach bhfuarthas aon toradh go nuige seo. 

Táthar anois ag brath ar an Aire Oideachais, Joe Mc Hugh T.D, a deir siad. 

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 5 agus 6 Luan go hAoine.