Labhair An t-athair Pádraig Ó Murchú, Bríd Uí Mhaoileoin agus Brenda Ní Shuilleabháin le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcleamhnas in Éirinn agus thar lear.

Labhair an painéal faoi na hathruithe atá tagtha ar an saol agus ar chúrsaí cleamhnais dá réir, deir Bríd go bhfuil muid ag maireachtáil in 'saol eile' ná mar a bhíomar roinnt blianta ó shin. Ag caint ar ról na n-inscne, deir Bríd nach raibh 'mórán meas' ar bhean sna laethanta a bhí mar 'bhí sí mar sclábhaí'.

Labhair Brenda Ní Shúilleabháin faoi thraidisiún an chleamhnais agus deir sí nach bhfuil aon rud aici i gcoinne an traidisiúin mar go raibh taithí mhaith ag roinnt daoine ó gcleamhnas a bheith déanta dóibh. 'Ní oibríonn aon phósadh gach lá, lá suas agus lá síos' arsa Brenda.

Helen Ní Shé

Deir Bríd go raibh sé an-deacair orthu siúd a d'imigh thar lear agus nár oibrigh an pósadh amach mar nach raibh an deis filleadh ar Éirinn an uair sin. Bhí aithne ag Bríd ar bheirt nó triúr a tháinig ar ais ach ' cuireadh thar nais' iad mar go raibh an tuairim ann 'do dheinis do leaba agus chaithfead luí ann.'

Ag caint ar spré, dúradh go raibh neart ban ann nach ndearnadh aon chleamhnas dóibh mar gur tháinig siad ó bhochtanas. Deir Bríd go raibh saol na hÉireann an-bheag an uair sin mar nach raibh eolas ag muintir na hÉireann ar an domhan, 'ní raibh aon tuiscint ag daoine ar an saol a bhí lasmuigh'.

Labhair an tAthair Pádraig Ó Murchú mar gheall ar a thaithí sa Choiré agus é ag obair ann agus deir sé go raibh An Choiré mar a bhí in Éirinn blianta fada ó shin.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 ón Luan go hAoine.