10 gceist le Muireann Nic Amhlaoibh, ceoltóir, amhránaí agus láithreoir Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a fhilleann Dé Sathairn seo, 5 Deireadh Fómhair. 

Cén áit is ansa leat?

Corca Dhuibhne gan dabht.
Cén béile is fearr a bhí agat ariamh?

Bhí an bia a bhi agam sa Ghréig dochreidte, cé go raibh sé simplí, bhí blas aoibhinn ar gach rud, trátaí ó neamh, agus galún tzatziki ar gach rud.


Cén leabhar agus/nó scannán is fearr leat?

Ní bhíonn ana chuid ama agam le haghaidh a leithéid ach fé láthair Notes to Self le Emily Pine agus Arrival.

Muireann Nic Amhlaoibh, ceoltóir, amhránaí agus láithreoir


Mura mbeifeá i do cheoltóir, céard a dhéanfá?

Dheineas staidéar ar Ealaín Fínealtá sa choláiste agus bhí tamall ann nuair a theastaigh uaim a bheith im ealaíontóir ach do mheall an ceol mé.


Baile Átha Cliath nó Baile An Fhéirtéaraigh agus cén fáth?

Baile an Fheirtéaraigh toisc an pobal, an teanga, an tidhreacht, an ceol, an fharraige - ach is breá liom cuairt a thabhairt ar an Big Smoke.


Cén amhránaí is mó a thaitníonn leat?

Séamus Begley


Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú óg?

Mo Mhamó, máthair m'athar, ealaíontóir, ceoltóir agus bean seoige.


Cén rud is fearr faoi do phost?

Buaileadh le ceoltóirí eile agus seimint leo.

Cen rud is measa faoi do phost?

Bheith as baile ó mo leanaí.

Cén séasúr is fearr leat agus cén fáth?

Deireadh an tSamhraidh nuair a an fharraige téamhta suas chun snámha!

Cuireann Muireann a clár ceoil féin i láthair, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Shathairn idir 7 agus 9pm. Beidh sí ar ais ar an aer Dé Sathairn beag seo, 5 Deireadh Fómhair.