10 gceist. 10 bhfreagra. 10 bpíosa eolais nár shíl tú a bhí uait... An uair seo, freagraíonn Aedín Gomley, craoltóir le Lyric Fm na ceisteanna.

Cén áit is ansa leat?

Ag siúl cois farraige in nDún na nGall.

Cén béile is fearr a bhí agat ariamh?

An tseachtain seo caite, an 'tasting menu' i ‘Forest Avenue’ i mBÁC..

Cén leabhar agus/nó scannán is fearr leat?

Leabhar -The Remains of the day le Kazuo Ishiguro. / Scannán Rebecca (Hitchcock- Joan Fonataine & Laurence Olivier)
Mura mbeifeá i do chraoltóir, céard a dhéanfá?

Bheadh orm a bheith ag obair sna healaíona ar bhealach éigin, b’fheidir ag eagrú féile scannánaíochta le ceol beo in éineacht leis.

Aedín Gormley


Fiddler on the Roof nó West Side Story agus cén fáth?

West Side Story – foirfe amach is amach, scéal iontach, ceol Leonard Bernstein, liríci Stephen Sondheim, cóiréagrafaíoch den scoth and is breá liom na hamhráin go léir    

Cén ceoltóir is mó a thaitníonn leat?

Kate Bush
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú óg?

Bhíodh mé I gcónaí ag breathnú ar scannáin le m’athair ..gach seans nach mbeadh an post seo agam murach é.
Cén rud is fearr faoi do phost?

Ag éisteacht le ceol an t-am ar fad!

Cén rud is measa faoi do phost?

Má thagann scórnach tinn orm, ní féidir liom mo phost a dhéanamh!

Cén séasúr is fearr leat agus cén fáth?

Is breá liom iad go léir, nuair a thagann deireadh le séasúr amháin, bím ag tnúth leis an gcéad cheann eile.  

Is í Aedín láithreoir an chláir, Movies and Musicals Dé Sathairn, 1 - 4pm agus go leor eile ar Lyric Fm.