10 gceist. 10 bhfreagra. 10 bpíosa eolais nár shíl tú a bhí uait... An uair seo, freagraíonn Áine Hensey, láitheoir Binneas Béil agus An Ghealach Ghorm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta na ceisteanna.

Cén áit is ansa leat?

An trá ag Rinn na Spáinneach, Co an Chláir

Cén béile is fearr a bhí agat ariamh? 

Bricfeasta faoin aer ag bun Chnoc Bhréanainn tar éis dúinn siúil suas an cúig sliabh is airde in Éirinn taobh istigh de 24 uair a' chloig i 1982. Is maith an t-anlann an t-ocras!

Cén leabhar agus/nó scannán is fearr leat?

Leabhar: 'Of Human Bondage’ le Somerset Maugham.
Scannán: ‘The Big Lebowsky’ nó ‘The Life of Brian’

Mura mbeifeá i do chraoltóir, céard a dhéanfá?

Staraí gairmiúil.

Áine Hensey

Baile Átha Cliath nó Luimneach agus cén fáth?

Luimneach, mar go mbím ag obair ann le comhluadar breá fhoireann Lyric FM. AGUS, ta sé buailte ar Chontae an Chláir.

Cén ceoltóir is mó a thaitníonn leat iláthair na huaire?

Chonaic mé kd lang sa Cheoláras Náisiúnta le linn an tsamhraidh agus bhí mé faoi dhraíocht aici. Táim an-tógtha le Ye Vagabonds agus Nava freisin.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú óg?

M’athair.

Cén rud is fearr faoi do phost?

Íocctar mé le bheith ag éisteacht le ceol an lá ar fad!

Cén rud is measa faoi do phost?

Ní maith liom go bhfuil athrú chomh mór sin ag teacht ar an gcraoladh raidió agus nach bhfuil an bhéim chéanna air mar sheirbhís poiblí.

Cén séasúr is fearr leat agus cén fáth?

An t-earrach, mar go mbíonn dóchas ag baint leis na laethanta ag éirí níos faide, na bláthanna ag fás agus tús á chur leis an gcraobh iománaíocht

An t-earrach, mar go mbíonn dóchas ag baint leis na laethanta ag éirí níos faide, na bláthanna ag fás agus tús á chur leis an gcraobh iománaíocht

Craoltar Binneas Béil le hÁine Hensey ón Luan go hAoine ón 2 go dtí'n 4 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.