Scríobhann Garry Mac Donncha, láithreoir, tuairisceoir agus tráchtaire spóirt faoi chluiche cheannais na hÉireann agus faoin athimirt atá romhainn..

Tá os cionn leathchéad cluichí ceannais sinsir peile agus iománaíochta, 5 athimirt san áireamh, curtha díom mar thráchtaire ó 1997 i leith. Is iomaí cluiche ceannais drámatúil atá feicthe agam in imeacht na mblianta sin agus buíochas le Dia, níorbh aon éisceacht í an choimhlint a facthas i bPáirc an Chrócaigh seachtain ón Domhnach seo caite. Ní dóigh liom gur labhair mé le oiread agus duine amháin sna laethanta roimh an gcluiche a cheap go hionraic go  bhféadfadh Ciarraí an lámh in uachtar a fháil ar na seaimpíní Áth Cliath. Bhí mé féin ina measc, cé go raibh mé ag guí mar thráchtaire go mbeadh an cluiche fós idir dhá cheann na meá agus muid ag teannadh le ceann scríbe, murab ionann agus cluiche ceannais na bliana seo caite a bhí thart faoi leath ama. Agus mar a tharla, tá a fhios againn uilig anois go raibh cluiche fíor-iomaíoch go deo againn go dtí gur séideadh an fheadóg scoir.

B'fhéidir nach raibh caighdeán na peile thar mholadh beirte scaití ach ó thaobh dráma, teannas, scleondar agus na conspóide de ní raibh a shárú le fáil. Sheas roinnt rudaí amach ar an lá cosúil le crógacht imreoirí óga Chiarraí ag imirt ina gcéad cluiche ceannais, cumhnigh gurb é Paul Murphy an taon duine i measc na gcosantóirí a d’imir i gcluiche ceannais cheana i 2015. Bhí Tadhg Morley agus Gavin Crowley ar fheabhas agus níor ghéill Tom O’Sullivan ach pointe amháin ina chomhrac le Con O’Callaghan. Ach b’é laoch na Ríochta ar pháirc an áir ná Seán O’Shea ón Neidín a d’aimsigh 10 bpointe, 3 cinn ón imirt. Taobh amuigh de na scóranna breátha a fuair sé chuaigh sé ar thóir na peile, thaispéan sé ceannasaíocht ach táim cinnte gur lig sé osna throm faoisimh as nuair a chuaigh cic saor Dean Rock, a bhí géillte aige, ar fóraoil ag deireadh na himeartha. 

Bheadh laoch na himeartha bronnta ar O’Shea muradh taispeántas do-chreidthe Jack McCaffrey. Níl aon radharc níos deise sa pheil ná eisean a fheiceáil ar ruathar ar lánluas, imreoir a bhíonn chomh bríomhar agus fuinniúil céanna i ndiaidh 70 nóiméad imeartha agus a bhíonn nuair a chaitear isteach an pheil.  D’aimsigh sé 1-3 ón imirt, pointe lena dheasóg, ceann lena chiotóg agus ceann lena dhorn san áireamh. 

Bronnadh cic éírice ar Chiarraí i ndiaidh dhá nóiméad déag. Ceapaim fós go ndearna David Gough an cinneadh ceart agus shíl mé go raibh sár-chluiche ag an réiteoir ó Chontae na Mí. Bhí an cárta dearg a bhronn sé ar Jonny Cooper tuillte ach tá fiúntas san argóint gur chóir an dara cárta buí a bheith bronnta ar Tom O’Sullivan ó Chiarraí freisin. Shábháil Stephen Cluxton cic éirice Paul Geaney, agus is fiú tagairt a dhéanamh do thaispeántas cúl báire agus captaen Átha Cliath freisin a shábháil urchar ó Murphy ins an dara leath freisin. Caithfidh muid cuimhniú go raibh Áth Cliath pointe chun deireadh le trí nóiméad fágtha, ach in am an ghátair, agus iad fear gann, bhain said an seilbh do Chiarraí cúig huaire lena ndiograis agus taicleáil fiachmhar. Is deacair iad a chloí, agus sin an rud, níor cháill leitheidí Brian Fenton, Brian Howard, Con O’Callaghan, David Byrne ná Niall Scully cluiche craoibhe riamh. 

Tá an tuairim amuigh ansin nár thapaidh Ciarraí an deis sa chéad cluiche agus iad ag imirt le fear breise d’fhormhór na himeartha. Dúradh ó thaobh na seaimpíní de nár imir Brian Fenton ró-mhaith, ná Paul Mannion, Ciarán Kilkenny agus Con O’Callaghan. Ach mar fhreagairt d’fhéadfá an rud céanna a rá faoi réalta an fhreasúra David Clifford, Paul Geaney agus Stephen O’Brien, nó b’fhéidir gur chóir dúinn díreach ard-mholadh a thabhairt do chosantóírí chaon fhoireann.


Feicfidh muid athraithe an Satharn beag seo, ar fhoireann Átha Cliath go cinnte. I 2016 nuair a d’imir siad Maigh Eo sa chluiche ceannais athimeartha rinne Jim Gavin trí athrú ar an bhfoireann. An dtiocfaidh Cian O’Sullivan isteach sa líne leath-chúl? D’fhéadfadh athraithe a bheith i measc na nionadaithe fiú le Bernard Brogan agus Eoghan O’Gara ag súil le bheith i measc an seisear 's fiche. Níor scóráil ionadaithe Átha Cliath sa chéad cluiche agus i gcomparáid le sin d’aimsigh Killian Spillane agus Tommy Walsh 1-2 eatarthu ón mbínse do Chiarraí. Ar chóír do Peter Keane tosnú le Walsh ar imeall na cearnóíge an chéad lá eile? An mbeidh James O’Donoghue ar ais ó ghortú do sheamipíní na Mumhan? Gheobhaidh muid freagraí ar na ceisteanna sin ar fad tráthnóna Dé Sathairn seo chugainn. 

Tá Áth Cliath ar thairseach na staire go fóill chun cúig cinn as a chéíle do chraobhacha uile-Éireann a bhuachaint. Is iad fós rogha mór na coitiantachta agus creidim gurb é Stephen Cluxton, don séú huair mar chaptaen, a bhéas ag crochadh Corn Mhic Uidhir in Ardán Ui Ógáín. Ach ná ceap go dtabharfaidh Ciarraí ar phláta dóibh é. Tá taithí faighte anois ag ógánaigh na Ríochta ar ócáid mhór na peile agus ní bheidh aon fhaitíos orthu roimh fir na hardchathrach. Tiocfaidh an lá go luath go mbeidh said ina máistrí arís ach seo an fhoireann is fearr riamh b’fhéídir atá ina gcoinne agus cé nach mbeidh ann ach cúpla pointe beidh an lá leis na Dubs.
Níl uaimse ach cluiche eipiciúil eile le corr chic éirice, neart conspóide, scóranna paiteanta agus Súil an tSeabhaic!!

Beidh tráchtaireacht le fáil ar an gcluiche beo i nGaeilge liomsa agus le Dara Ó Cinnéide ar RTÉ News Now atá le fáíl ar na cainéil Saorview 21, Virgin Media 200, Sky 521, Eir 500 nó rte.ie/newsnow, nó an Aip News Now (Éire amháin)


Nó is féidir féachaint thíos:
How to access Irish language commentary:
SAORVIEW
Select Language- Irish- OK.
SKY
Help – Switch Audio Description OFF
On the remote press Services – System Setup [or Options] - Language&Subtitles [or Accessibility] – Favorite Language (select Irish) – Save New Settings.
Return to Help and Switch Audio Description ON.
EIR
Select Menu – Settings - OK
Select Display Format - Default Audio Track - Irish
VIRGIN
Select OK  →  Subtitles & A/V  →  Audio  →  GLE-Stereo