Labhair Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha & Comhpháirtíochta TG4 le Cormac Ó hEadhra ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Thuarascáil Bhliantúil TG4 do 2018 ina raibh níos lú ná aon trian den ábhar dírithe ar phobal na Gaeilge.

Deir Lís go bhfuil breis maoinithe ag teastáil ó TG4 chun go mbainfí amach na spriocanna bliantúla atá mar chuid den straitéis. Ceal maoinithe, deir Lís go raibh spriocanna leagtha síos nár baineadh amach, ar an liosta sin bhí níos lú cláracha faisnéise agus siamsaíochta ann ná mar a bhéifí ag súil leis. 

Síle Ní Chonaonaigh, láithreoir le TG4

Ag caint ar an gcáineadh a fhaigheann an stáisiún maidir le líon na n-uaireanta a chloig a chraoltar i nGaeilge, deir Lís gur cheart féachaint ar chaighdeán na gcláracha seachas ar na huaireanta a chloig. Deir sí go bhfuil TG4 ag freastal ar dhá phobal, orthu siúd a bhfuil Gaeilge acu trí chláracha ar nós Bádóirí, Bailte, TradFest agus FleadhTV agus ar an mórphobal náisiúnta trí chláracha spóirt agus faisnéise ach nach gciallaíonn sin go bhfuil pobal na Gaeilge fágtha ar lár sna cláracha sin. 

Craoltar Tús Áite ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 5 agus 6